← a deir an cheaircín. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" a deir an coileach. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" a deir an coileach. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" arsa an coileach. 🔊
← "Tá sé chomh maith agamsa a dhul in éineacht libh", a deir an lacha. 🔊
← "Mo dhá cluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" a deir an coileach. 🔊
← "Tá sé chomh maith agamsa a dhul in éineacht libh", a deir an sionnach. 🔊
← "Déan sin", a deir an coileach. 🔊
← "Cuireadh muid ár dtóin leis an tine", a deir an sionnach, "sa gcaoi go mbeidh a fhios againn cé acu an chéad duine a phléascfaidh". 🔊
← Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach é, d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊
← Ba iad Muintir Choisdealbha, Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe a thug an scéal. 🔊